Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Bíonn Páirc Fhaiche Stiabhna oscailte ó cheann ceann na bliana.
Luan go Satharn: 7.30am – titim na hoíche.
Domhnach agus laethanta saoire poiblí: 9.30am – titim na hoíche.
Lá Nollag: 10am – 1pm.

Bíonn titim na hoíche ag an am seo de ghnáth: 4.30-6pm (Ean-Fea), 6.30-8.30pm (Márta-Aib), 9pm (Bealt-Iúil), 7-8.30pm (Lún-MFómh), 4-6.30pm (DFómh-Noll). Chun an t-am dúnta beacht ar aon lá faoi leith a fháil, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Suíomh

Tá Páirc Fhaiche Stiabhna lonnaithe i gCearnóg Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath 2. Tá an príomhbhealach isteach ag Áirse na bhFiúsailéirí, ag barr Shráid Grafton.

Taisteal

Freastalaíonn an chuid is mó de na busanna ar lár na cathrach, agus stopann siad gar do Pháirc Fhaiche Stiabhna. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Críochnaíonn líne ghlas na dtramanna Luas ag an bpáirc freisin; tuirling ag an stad ‘Faiche Stiabhna’.

Faiche Stiabhna

Faiche Stiabhna

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Áiseanna

Tá limistéir ar leith sa chlós súgartha do pháistí beaga agus do pháistí níos sine. Bíonn an-tóir ag cuairteoirí óga ar na luascadáin, ar na sleamhnáin agus ar an timpeallán spraoi.

Tá comharthaí i mBraille sa Ghairdín do na Daill, agus tá plandaí a bhfuil boladh láidir uathu ann is féidir a láimhseáil.

Turais

Tá turais treoraithe speisialta ar fáil ach iad a iarraidh; téigh i dteagmháil linn mí amháin roimh ré ar a laghad. Scór duine ar a mhéad atá ceadaithe. Bíonn turais threoraithe ar ‘The Green Mile‘ ar fáil gach maidin Sathairn agus Domhnaigh ó Mhúsaem Beag Bhaile Átha Cliath atá in aice láimhe.

Cuairt

Idir uair an chloig agus dhá uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar an bpáirc.

Cead Isteach

Tá saorchead isteach sa pháirc.

Grianghrafadóireacht / Físeáin

Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála nó grianghrafadóireacht bhainise a dhéanamh.

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Íoslódáil

Bróisiúr Reatha Pháirc Fhaiche Stiabhna

Sa Cheantar Freisin

Músaem Beag Bhaile Átha Cliath

Fad slí: 13m.

Breathnaigh ar an turas deireadh seachtaine a dhéanann siad sa Pháirc.

Ard-Mhúsaem na hÉireann: Seandálaíocht agus Eitneagrafaíocht

Fad slí: 300m.

Taisclann náisiúnta na nithe seandálaíochta ar fad a aimsítear in Éirinn.

Gairdíní Uíbh Eachach

Fad slí: 300m.

‘Gairdín Rúnda’ Bhaile Átha Cliath, tá stair trí chéad bliain ag baint leo.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Fad slí: 350m.

Taispeántais a bhuaigh gradaim, acmhainní chun stair mhuintire a fhiosrú, agus seomra léitheoireachta Victeoiriach álainn.