Clostreoir

Ní fhéadfá an treoir seo do Pháirc Fhaiche Stiabhna a shárú: a stair, a cuid dealbhóireachta agus a tírdhreach Victeoiriach.

Tá Faiche Stiabhna i gcroílár shaol Bhaile Átha Cliath leis na céadta bliain. Ghlac reibiliúnaigh, faoi cheannaireacht na Cuntaoise Markievicz, seilbh uirthi i gcaitheamh Éirí Amach na Cásca. Is anseo a bhuail James Joyce óg leis an bhfear a spreagfadh Ulysses. Is anseo a bhuail sufraigéidí le chéile sa bhliain 1918 sular vótáil siad in Olltoghchán den chéad uair riamh.

Is é Jack Murphy, a shiúil faoi Áirse na bhFiúsailéirí den chéad uair níos mó ná seachtó bliain ó shin, a insíonn na scéalta ar an gclostreoir seo a thugann thú ar thuras stair chultúrtha Bhaile Átha Cliath le trí chéad bliain anuas.

Íoslódáil an chlostreoir saor in aisce!

Íoslódáil leagan den turas saor in aisce seo a bhfuil na gnéithe ar fad air leis an aip d’fhóin phóca, GuidiGO.
Ar fáil ar Apple agus ar Android, fón nó táibléad (is i mBéarla amháin atá sé ar fáil).

Tógann an turas beagán níos mó ná uair an chloig agus tá deich stad air.

Tá Áirse na bhFiúsailéirí faoi thrácht ag an gcéad stad agus tá dealbh an Tiarna Eglinton, atá amú anois, faoi thrácht ag an deichiú stad. Idir an dá stad sin tá meascán scéalta a thugann léargas ríshuimiúil ar shaol Bhaile Átha Cliath le cúpla céad bliain anuas. Ag gach stad tá roinnt íomhánna a bhaineann leis an stad sin agus tá cuid de na híomhánna sin á dtaispeáint go poiblí den chéad uair. Tar éis duit an turas a íoslódáil, ní theastóidh rochtain wifi uait chun é a úsáid, agus tá léarscáil as líne ag gabháil leis le go mbeidh tú in ann eolas na slí a dhéanamh go réidh sa pháirc.

Bíonn an pháirc ar oscailt an bhliain ar fad, mar sin is féidir leat an turas a dhéanamh lá ar bith!

Is féidir leat éisteacht leis an gclostreoir agus tú go breá compordach ar an tolg sa bhaile freisin, agus Google Streetview in úsáid in éineacht leis.