Ceadúnais le haghaidh Imeachtaí agus Grianghrafadóireachta

An féidir liom imeacht a reáchtáil i bPáirc Fhaiche Stiabhna?

An féidir liom imeacht a reáchtáil i bPáirc Fhaiche Stiabhna?

Aithníonn Oifig na nOibreacha Poiblí go gcuireann sé go mór le próifíl phoiblí a cuid suíomhanna stairiúla nuair a reáchtáiltear imeachtaí cuí iontu agus, ó tharla gur príomhchuspóir de chuid na hOifige é sin, glacann sí le hiarratais chun é sin a dhéanamh. Spreagtar go háirithe imeachtaí atá dírithe ar an teaghlach, chomh maith le himeachtaí a chuimsíonn gnéithe de:

oidhreacht, caomhnú, stair, oideachas, ealaín, dealbhóireacht, cultúr, ceol, taibhiú, gairneoireacht, bithéagsúlacht

Ní mór an tábla úsáide a sheiceáil sula gcuireann tú isteach ar chead.

Cé na cáipéisí a theastaíonn le haghaidh imeachta/ grianghrafadóireachta/ scannánaíochta?

Sula gcuireann tú isteach air (tríd an bhfoirm ar líne amháin), cuimhnigh, le do thoil, go gcaithfidh na nithe seo a leanas bheith agat má thugtar cead duit an t-imeacht a reáchtáil ar an láthair seo:

árachas dliteanais phoiblí ar fiú 6.5 milliún euro in aon iarraidh amháin é agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ainmnithe ar an bpolasaí

seolfar foirm shlánaíochta chugat nuair a bheidh d’iarratas faighte agus an páipéarachas ar fad in ord is in eagar. Íoslódáil foirm shlánaíochta shamplach anseo.

éarlais a aisíocfar leat ach amháin má dhéantar damáiste don Pháirc nó má sháraítear na coinníollacha

Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht, Plean Bainistíochta Tráchta, Plean Éigeandála, Ráiteas ar Mhodhanna, agus Sceideal Léirithe

fianaise go ndeachaigh tú i gcomhairle go hiomlán le comhlachtaí reachtúla, le haon ghrúpaí cónaitheoirí agus le forais chóngaracha i bhfad roimh an imeacht, agus fianaise go bhfuil a gcuid riachtanas comhlíonta agat

caithfidh gach taibhiú ceoil bheith comhlíontach ó thaobh IMRO (Irish Music Rights Association) de.

Íoslódáil an Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht in PDF.

Cathain ba chóir dom iarratas a chur isteach?

Teastaíonn fógra trí lá oibre ar a laghad le haghaidh grianghrafadóireachta. Teastaíonn fógra ceithre seachtaine ar a laghad le haghaidh imeachtaí beaga agus fógra ocht seachtaine le haghaidh imeachtaí móra.

Ní ghlactar le hiarratas déanach ar bith agus ní dhéantar áirithint shealadach ar bith. Tar éis iarratas a chur isteach, is féidir bheith ag súil le freagra i gceann trí lá oibre. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach tríd an bhfoirm áirithinte ar líne.

Cén sórt imeachtaí nach gceadaítear i bPáirc Fhaiche Stiabhna?

Féach ar an tábla úsáide, le do thoil, chun é sin a sheiceáil.

An féidir liom pósadh sa pháirc?

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, ní féidir leat pósadh ná searmanas sibhialta a reáchtáil i bPáirc Fhaiche Stiabhna. Ach b’fhéidir gur mhaith leat do chuid grianghraf bainise a thógáil ann. Teastaíonn ceadúnas; ní gá ach iarratas a dhéanamh agus fógra trí lá ar a laghad a thabhairt. Ní ghearrtar táille ar bith ort as grianghraif bhainise a thógáil san Fhaiche.

Tá roinnt suíomhanna stairiúla eile a dtugann OOP aire dóibh ar fáil chun do shearmanas sibhialta a óstáil – cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil.

An gcosnaíonn sé airgead chun imeacht a reáchtáil?

Táillí

Grianghraif bhainise: saor in aisce.
Grianghrafadóireacht tráchtála: €125 san uair, gan CBL san áireamh.
Carthanacht/turasóireacht etc: €50 san uair, gan CBL san áireamh.
Scannánaíocht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Imeacht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Ranganna corpacmhainne agus ranganna eile den sórt sin: €15 san uair in aghaidh an ranga, gan CBL san áireamh, agus ní féidir níos mó ná cúig dhuine dhéag a bheith i rang.
Ceolchoirmeacha ar an ardán banna ceoil: saor in aisce.

Ní ghlactar ach le híocaíochtaí leictreonacha.

An bhfuil rialacha agus dlíthe ann le haghaidh Pháirc Fhaiche Stiabhna?

Tá, tá fodhlíthe ann a rialaíonn an úsáid agus an taitneamh a bhaintear as Páirc Fhaiche Stiabhna. Tá siad sin i Leabhar Reachtanna na hÉireann, agus is féidir iad a léamh ar líne anseo.

Íoslódáil

Tábla Úsáide

Íoslódáil

Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht